School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Smerwick (B.)
- XML Page 165
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Nuair a smaoinímse féin air uaighneas an tsaoghail.”
I
Nuair a smaoinímse féin air uaighneas an tsaoghail,
Mo dhorusín dúnta is drúcht air an bhféar,
Nuair smaoinímse tríomh néal air an uaighneas go léir,
Is cosamhail leis an uair é a bheam fuar lag sa chré.
II
Nuair smaoinímse airís air bhearta agu air bhaois,
Mo cholann bocht féin atá claonmhar na croidhe,
A Dhia naomtha is a Chríost go ndéanair dom dínn,
Agus ná leig as an saoghal so mé go ndeanfhad m'aithrighe.
--------
"Ní hé an té is giorra dhuit, ach an té a iorann duit".
- Sean-fhocal.Is feárrde dhon mbaile do chuigeann a Bhríghde
Gach muga dá dtéigheann go dtí do dhorus dhá líonad,
De bhláthach reamhar mhilis gur cosamhail le ím í.
- Sean Rann.(Tómhais)
Capall dubh donn na seasamh san abhaill agus gan mach Rí in Éirinn a léimfead na drom. (eascú)- Collector
- Dómhnall O Murchadha
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry