School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aige. Nuair a bhí sé leath slighe idir CeannTrágha agus Daingean Uí Chúise do mhothuig sé gála gaoithe 'na dhiaidh agus diompuig sé siar agus cad a chonnaic sé ach cóiste mór ag teacht agus é ag lonnradh ar nós na réilthíní. Ní raibh aon ghlór ag an gcóiste á dhéanamh agus ansan thuig an seanduine gur bé an cóiste balbh a bhí ann.
Bhí beirt fhear anáirde ar an gcóiste agus diarradar ar an sean duine go dtabhairfaidís marcaidheacht do ach dul in éinfheacht leó. Tháinig eagla air agus ní raghadh sé anáirde air. Ansan diarr sé ortha cad é an t-am do'n oidhche é agus dubhradar san leis "am suain do bheóibh agus am ród do mharbhaibh."
Is ansan a thuig sé gur bé lár na hoidhche a bhí ann agus dubhairt sé go raghadh sé isteach i dtig éicint agus go bhfanfadh sé ann go maidin.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubháin
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- An Baile Beag, Co. Kerry