School: Kenmare (B.) (roll number 2849)

Location:
Kenmare, Co. Kerry
Teachers:
Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 490

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 490

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Kenmare (B.)
  2. XML Page 490
  3. XML “An Bhean Throm”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Bhean Trom.
    Oidhche amháin d'fág fear in iarthar Thuaith ó Siosta a bhaile chun dul go dtí aonach i Neidín Timcheall a ceathair a chlog ar maidin tháinig sé go mullach Charraig an Eidhn. Sa dorchadas cad a chífeadh sé roimis amach ach bean gleásta le h-éadaighe dubha ag siubhal an bhóthair. Nuair a thánaig sé taobh léi do stad sé a chapall agus dubhairt leis an mnaoi suidhe isteach sa chairt. Do leím sí isteach igcorp na cairte láithreach. Bhuail an fear flíp ar an gcapall ach ní fhéadfadh an t-ainimhidhe bogadh as an áit ina raibh sí dá méid iarrachta a dhéanfadh sí. Sa deire léim an bhean amach airís. Le sin d'imthig an capall leis mar ba ghnáth. "Suidh isteach anois" ars an fear "leis an mnaoi "Tá an stailc sin curtha dhe aige".
    Do léim an bhean isteach agus má léim do stad an capall mar a dhein sé roimis sin. Níorbh aon mhaith a bheith leis - bhí ualach ró-throm air.
    Do léim an bhean amach airís agus nuair a léim do bhog an capalll leis gan duadh. An triomhadh uair tháinig sí isteach ach bhaineadh stad as an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Eóghan O Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Dawros, Co. Kerry