School: Kenmare (B.) (roll number 2849)

Location:
Kenmare, Co. Kerry
Teachers:
Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 512

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 512

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Kenmare (B.)
  2. XML Page 512
  3. XML “An Bheirt Duine Uasal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Bheirt Duine Uasal.
    Bhí beirt duine uasal ann uair. Níor mhaith le duine aca an duine eile agus chuimhnigh sé ar é chur as a shlighe. Thug sé cuireadh dinnéara dhó ach dúbhairt sé leis gan a ghiománach (compánach a théigheadh leis an duine uasal ar chuairteanna) a thabhairt leis.
    D'fhág sé an tig gan é in aoinfheacht leis. Bhuail fear ar an mbóthar roimhe agus cluas air mar abheadh sé ag éisteacht le duine éigin. "Cad é an saghas duine tusa"? ars an duine uasal leis. "Is mise Cluas le h-Éisteacht", ar sé. "Cad tá ar siubhal anois agat?" ars' an duine uasal "Táim ag éisteacht le fear agus bean sa domhan toir a dhéanamh grádh le chéile" ar seisean. D'fhág an duine uasal annsan é. "Hé!" arsa Cluas le h-Éisteacht "is dóigh liom go mb'fhearra dhuit mise a thógaint leat. B'féidir go mbeinn ag teastáil uait". "Siubhlaig ort mar sin" ars' an duine uasal.
    Níor chuadar ibhfad eile nuair a bhuail fear eile leo agus é ag briseadh gach aon charraig lena thóin. "Cad tá ar siubhal agat?" ars' an duine uasal leis,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0513A: Six Go through the Whole World
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál O hEaluighthe
    Gender
    Male
    Occupation
    Fear poist
    Address
    Dawros, Co. Kerry