School: Kenmare (B.) (roll number 2849)

Location:
Kenmare, Co. Kerry
Teachers:
Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 504

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 504

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Kenmare (B.)
  2. XML Page 504
  3. XML “Muc Mhór an Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Muc Mhór a' Rí.
    Ní ina thig féin a bhíodh sí acht oidhche ins gach aon tig. Mar sin di ó thig go tig agus gach aoinne ag tabhairt aire di gur tháinig sí isteach sa t-sráid. Bhíodh sí a cur ó thig go tig. Thárla go raibh gréasaidhe sa t-sráid. Cuireadh an mhuc cuige. Bhí breis le déanamh aige sin agus b'éigean do bioránach eile de ghréasuidhe a bhí ag gabháil an bhóthair a thógaint isteach.
    "Airiu! Is breágh an mhuc atá agat" ar seisean len'a mháigistir. "Muise, mo thruagh" ars an máighistir "Tá's agat ná beadh a leithéid sin de mhuic agam-sa". "Cé leis i?" ars an bioránach "O léis an Rí" ar sé. Leis sin chaith an bioránach uaidh a haméar agus seo amach é. Cheannuig sé cúpla céad guail lena chuid airgid féinig agus dúbhairt sé le bean a tighe go leor uisge teasaidhe do bheith aici igcóir na h-oidhche.
    Nuair a tháinig an oidhche bhuail sé buille den haméar ar an mhuic mhóir. Thug an dá gréusaidhe an oidhche ag gabhail di agus bhí sí curtha ar leath-taobh aca ar maidin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0950: Rhampsinitus
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó hEaluighthe
    Gender
    Male
    Occupation
    Fear poist
    Address
    Dawros, Co. Kerry