Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- Grange, Co. Waterford
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 435
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus chuaidh sí go hEochaill lá. Bhí sé déanach nuair a bhí sí ag teacht abhaile.
Chonaic sí tigh agus chuaidh sí isteach ann. Nuair a bhí sí gairid don doras ag dul isteach chonaic sí cuid mhaith daoine istigh agus iad ana-bheag agus nuair a chonaiceadar í chuadar go léir chun siúl agus d'imigh an solas. Ní raibh fhios aici ansan cad a dhéanfadh sí ach d'fhan sí ann.
Tar éis tamaill chonaic sí arís iad agus thugadar corcán óir di. Chuaidh sí abhaile ansan agus níor chuaidh sí amach aon áit go deo arís.- Bailitheoir
- Peig Mheachair
- Inscne
- Baineann
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé sórt aosta.
Chuaidh sé go dtí an aonach lá agus bhí sé seacht a chlog san oíche nuair a bhí sé ag teacht abhaile.
Nuair a bhí sé gairid don a thigh do chonaic sé sprid ar an mbóthar agus tháinigh eagla air.
Nuair a chuaidh sé isteach abhaile ní raibh an sprid istigh. Chuaidh sé síos sa seomra agus bhí a mháthair tar éis bháis.
Níor chuaidh an fear amach aon áit(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peig Mheachair
- Inscne
- Baineann