Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- Grange, Co. Waterford
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)asal agus rith an t-asal abhaile agus nuair a chuaidh an t-asal isteach abhaile tháinigh an bean amach go dtí an doras agus d'fhiafruigh sí de cá raibh an t-asal.Shíl sí gurbh é an fear a bhí ann agus dúirt an t-asal léithe go raibh an fear marbh.
Ansan fuair an bean bás ag an doras. - Bíonn an Bean Sidhe ag imeacht cúpla uair san bliain. Bhí tigh áit éigin agus bhí bean tinn ann ach an oíche seo nuair a bhí na daoine eile á rá na bpaidreacha d'éirigh ceann acu agus dúirt sé leo go raibh duine éigin amuigh ag an geata agus thug sí trí scréach agus níor d'airigh aoinne eile í ach an fear sin agus an t-seachtain ina dhiaidh sin fuair an bean bás.
- Bailitheoir
- Peig Mheachair
- Inscne
- Baineann