School: Imleach Droighneach (roll number 14085)

Location:
Imleach Draighneach, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 340

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 340

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Imleach Droighneach
  2. XML Page 340
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear na chómhnuidhe i Lóthar fadó agus ní thabharfadh sé aon géile do aoinne a bheadh ag cainnt mar gheall ar phúcaí...

    Bhí fear na chómhnuidhe i Lóthar fadó agus ní thabharfadh sé aon géile do aoinne a bheadh ag cainnt mar gheall ar phúcaí. Is amhlaidh a bhíodh sé ag maghad fútha. Thárla lá aonaigh gur chuaidh sé sa Cathair. Bhí na laothanta gairrid agus bhí capall is truchail aige agus ádhbar ualaig aige. Bhí tuithimh na h-oidhche ann nuair a fhág sé an Chathair. Bhí driofúr leis posda ar an gCuirreán agus dhein sé ádhbhar moille ann ach ní fhanach sé ann in-aon-cor, deirfadh sé ná raibh aon deifir san oidhche seachas an lá ach an tadhar doirigtheacta bheith ann is-d'oidhche. Sean bhuail sé an bóthar agus bhí sé ag cur de gur chuaidh sé ar an dtaobh seo de Chúma Cisde. Ag gábhail ó dheas áit go dtugann síad Faill Seamain air, do chonnaich sé an rud greannmar ag déanamh air anuas an bóthar. Chuir an capall srann as agus léim sé ón dthaob dheas den bhóthar agus chuaidh sé ceangailte den chlaidhe. Is amlaidh bí rud mór i bfoirm coráiste agus dubhairt sé ná fheachaidh sé béich ná liúg ach ná raibh iongadh ach Grásta Dé.
    Nuair a chúaidh sé abhaile bhí sé ar balla crit agus ní raghad sé isteach sa stábla leis an gcapall agus nior chuaidh sé tar dorus amach ríamh ó shoin le sgannrad.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Dómhnall Ó Síodhacháin
    Gender
    Male
    Address
    Fearann na hAbhann, Co. Kerry
    Informant
    Siobhán Uí Siodhacháin
    Gender
    Female
    Address
    Ceann Eich, Co. Kerry