School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)

Location:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
Teacher:
Neans Ní Shúilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 280

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 280

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Page 280
  3. XML “Scéal Tobair Naofa”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chonailli gCois Tuinne a thosnaig é agus [?] an ainm Cliadhna ortha.
    Annsan do tháinig sagart na chómhnuidhe sa bfheirm na bhfuil an tobar agus ní leighfheadh sé aon patrún as san amach ach tá seódh daoine ag teacht ann fós ag tabhairt turais. Tá an tobar [?]sin déanta de cloca mórthímcheall agus tá sé seacht dtroighthe ar aoirde agus tá sé déanta i gcomparáid le cruiceóig beaca
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do bhí garsúinín ann agus bhí leas máthair [?]aige agus do bhí sí go mór le fear eile. Do thagadh sé ann go minic agus do thugad sí a dínnéar do "Deirim-se leat" ar sise leis an garsúinín "gan é sin d'innsint dod athair." Ní inneósaid a dubhairt an garsúinín. Is ar éigin a chreidhfhinn ná go neósfá é. Chuirfhead fhiachail ort gan é innsint mar caithfidh tú an leabhar a thabhairt dom". Do tháinig an t-athair abhaile istoidhche agus shuidh sé in-aice na teine. Do dhruid an garsúinín suas leis an bhfalla agus chrom sé ar é innsint do'n bhfhalla. "Do bhí fear annso um tháthnóna agus bhí dínnéar aca"
    1/
    "Bhí arán is ím is íasc aca
    Agus uibhi na lachan, uibhi na lachan
    Duit-se a táim a ínnsint
    A Phuill an Fhalla, a Phuill an Fhalla
    2/
    Do chuir sí an leabhar orm gan é innsint
    Coidhche do m-athair coidhche do m-athair
    Agus duit-sé táim á innsint
    A Phuill an Fhalla, a Phuill an Fhalla
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Neans Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
    Informant
    Concubhar Ó Éaluighthe
    Gender
    Male
    Address
    Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork