School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tríd an díon tuighe nó seisc a cuirtí ar an sgraith. Seisc, fear fásann sa port is mo cuirtí mar díon ar na tighthe san am san. Bhí a ndóthain de seo ag fás sa phort, agus ní bhíodh puinn tuighe aca.
Nuair d’imthig an tighearna talmhain agus chuaidh an saol i bhfeabhas do dheineadar go léir tighthe nua, agus slinn an díon a cuireadh ortha. Ní laon tig cínn tuighe sa bhaile seo anois. San t-sean saoghal ní raibh aon bóthar tríd an bhaile seo ach póirse caol, ach tímpeall cúig bliadhna agus trí fichid deineadh saghas bóthair tríd, go deimhin níl ann ach saghas!
Tá abha ag gabháil ar an dtaobh theas den bhaile seo agus tá mórán breac innte, agus nuair bhíonn an aimsir cuige bhíonn iasgairí go leor ar bruach na h-abhann, go h-áirghthe gach Domhnach nuair ná bhíonn ortha bheith ag obair.- Collector
- Peig Ní Bhuachalla
- Gender
- Female
- Address
- An Lios Buí Mór, Co. Cork