School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)

Location:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
Teacher:
Neans Ní Shúilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 316

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 316

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Page 316
  3. XML “Cuntas i dtaobh Cloch Adhnadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a gcuid oibre dó, agus ní raibh pioc le déanamh aige, agus ag a chlainn, ach ag gluaiseacht mór thimpeall ar muin capall, ag fiach an madra ruaidh, ach ceap sé ná raibh sé ag déanamh airgead mear go leor, agus thosnuig sé ag deanamh nótaí bréagacha.Taréis tamaill do scéith duine éigin air, agus an fhaid a bhí an duine san ag dul go Corcaig i gcoír na gárdaí, mar do bhí fhios ag muinntir Bálbhain go raibh sé ag dul, do dheineadar ualach mór des na nótaí, agus do dheineadar iad do dhó agus níor fhágadar an sgéul mar sin, do bhailígheadar meitheal,agus do leagadar an “Tig Mor” agus do dheineadar na clocha a thógaint as an áit ar fad, agus do gearradar sraithreacha [scraitheacha?] agus do chuireadar san áit na raibh an tig iad. agus nuair a tháinig an fear agus na gárdaí thar nais ní raibh aon rud rómpa ach an féar ag fás san ait na raibh an tig. Do dhein muinntir Balbhain tig eile dhóibh féin thíar i nGort-an-Imill, agus níor bhacadar a thuille leis na nótaí bréaga.
    Do bhí deirbhfiúr Eibhlín Dubh Ní Chonaill pósta le Doctúir De Balbhain agus uair amháin do chuaidh sí ar tríall cúcha, nuair a bhíodar i gCloch-Adhnadh. agus do bhuail sí le h-Art O Laoghaire. B’shin é an céad uair a chonnaic sí Art
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Cloch Eidhneach, Co. Cork
    Collector
    Siobhán Ní Loinsigh
    Gender
    Female
    Address
    Cloch Eidhneach, Co. Cork