School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)

Location:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
Teacher:
Neans Ní Shúilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 348

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 348

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Page 348
  3. XML “Peil agus Iománaíocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    i lár na páirce, agus do sgread captaen Cill-na-Martra ar a bhuidhean féín cur le chéile anois (?) nó riamh.
    D'freagair na fir é. Do comáineadar an liathróid rómpa. Chaitheadar soir siar an muintir eile, agus cuireadar cúl isteach. Bhí bualadh bas agus luighreac ar fuaid na páirce. Do chuir san misneac mór ar muintir Cill-na-Martra, agus bhí dócas acu asta féin as san amach. Do lean an imirt gan aon bhuadh eile bheith ag aon taobh, cun go raibh an leath-uair amuigh. D'athruig an imirt annsan an dream a bhí ag imirt siar go dtí so bhíodar ag imirt soir anois agus an dream eile ag imirt siar.
    Ní raibh an imirt ar siubhal i bhfad núair chuir muintir Cill-na-Martra cúl eile isteach agus do thuit an lug ar an lag ar mhuintir Baile-na-gCroidhe ar fad, ach sa deire thiar thall do cuireadar aon cúl amháin isteac. Bhí an buadh ag muintir Cill-na-Martra, agus núair a sroicheadar an baile um tráthnóna cuireadh fáilte mór rómpa agus bhí áhas ar muintir na paróiste ar fad. Seo ainmneaca na bhfear d'imir an lá san.
    Donncadha Ua Cróinín an captaen, Tomás de Bhrúin, Cormac Ua Macáin, Dómhnall Ua h-Uardail, Pádruig Ua Cróinín, Diarmuid Ua Céílleachair, Dómhnall Ua Duinín, Míchéál Ua Ríógbardáin,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Chróinín
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Cathair Daithí, Co. Cork