School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go ceann blíadhna nó dhó agus annsan seadh thuitead an óigbhean agus máthair a chéíle amach le chéile agus tosnuigheadh an donas agus an clampar eatorra, i gcás gur minic a fhághadh an bhean óg an tig agus thagad sí abhaile cun a muintire féín, agus ní fánac a bhíod cúrsaí dlíghe eatorra. Is dearbh gurb olc an tosac ag lanamhna óg tubaist den tróid so, agus do leanad an mhioscais, agus an droch aigne ar feadh na bliadanta.Do chuireadh neamh-sástacht den tsaghas so cleamhaistí ar gcúl, mar bhíod eagla ortha go mbead an sgeul ceudna nó a leithéid acu féín da dtugaidís fé cleamhnas a dhéanamh, ach do bhíod na blianta ag imtheacht agus an t-aos ag luighe ar na cailíní óga agus ní bhiod an meas ceart ag na buacaillí ar na cailíní, agus d'fág san mórán díobh sa cuínne gan pósadh go deo.I ndeire na naomhadh aoise déug sé sin le rád san mblian 1880 do cuireadh reacht i bhfeidhm i bParliament Sasana a thug fuascailt mór ar feirmeóirí na h-Éireann. As san amach bhí cead acu cíos a mheas ins na Cúirteanna, agus do fúaireadar lócáiste sa cíos ó am go h-am. Ní raibh an daor-smacht ortha mar a bhí sa tsean aimsir. Bhí greim na dtighearnaí (?)(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Chróinín
- Gender
- Female
- Address
- Seanbhaile Sheáin, Co. Cork
- Informant
- Mícheál Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Address
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork