Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 385
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do bhí sé ag siúl air.
Fé dheire do chonaic sé solas uaidh agus do rinne sé air. Tigh beag do bhí ann agus nuair do chuaidh an fear isteach ní raibh éinne istigh. Do chuir sé an corcán ar an tine agus do bheirbhigh sé coinín do thóg sé leis. Nuair a bhí an suipéar ithe aige do shuí sé ar cathaoir in aice an tine ach ní raibh sé i bhfad ann nuair d'sirigh sé fothrom éigin sa seomra agus chuaidh sé suas ann chun feiscint cad a bhí ann. Nuair a chuaidh sé suas cad a bheadh ann ach sprid. Do tháinigh an fear thar nais sa chistin agus tháinigh an sprid ina dhiaidh. Do fuair sé cupán an-bhuirtha agus do thug sé don sprid é. Nuair a bhí sé ólta aige d'imigh sé amach an doras dó féin.
Tamall beag ina dhiaidh sin tháinigh dhá sprid síos an staighre agus fear marbh aca leo. Do leagadar an fear marbh ar an mbórd agus d'imigh an beirt aca amach an doras. Do thit an rud céanna amach an oíche ina dhiaidh sin, ach an oíche ina dhiaidh sin d'éirigh an fear marbh den bórd agus d'fiafraigh sé ar an bhfear cupán bainne a thabhairt dó. Ní raibh aon bainne ag an fear ach thug sé cupán an-bhuirtha don fear marbh ina áit.
Do theaspáin an fear marbh don fear eile an slí chun dul abhaile ansan. Do chuaidh sé abhaile agus níor chuaidh sé ag feadach riamh ina dhiadh sin.- Bailitheoir
- Seán Ó Cuilliú
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomás Treó
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 70
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge