Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 427
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do thabhairt di agus rá lena máisitir gur thóg an madra rua é agus go bpósfadh sí é.
Uain beag dubh ba eadh é seo agus do bhí an-chion ag a mháisitir air ach mar sin féin thug sé don gcailín é. Nuair do bhí sí imithe do bhain sé a chóta mór de agus do chroith sé é ar chrann agus do thosnaigh sé ag caint leis mar do bheadh sé ag cainnt lena mháistir.
"Dia is Muire dhuit, a Sheáin" ar sé.
"Dia is Muire dhuit is Pádraig" arsa Seán.
"Bhfuil na caoire go léir agat?" arsa sé arís.
"Tá" arsa Seán.
"Cá bhfuil an t-uan dubh" ar sé.
"Thóg an madra rua é".
"Ní dhéanfaidh san an gnó" arsa sé leis féin "caithfidh mé an rud ceart a rá, ní dhéanfadh sé an gnó dhom bheith ag innsint éithigh anois"
Tháinigh a máistir an chéad lá eile pé scéal é.
"Dia is Muire dhuit, a Sheáin" ar sé.
"Dia is Muire dhuit is Pádraig" arsa Seán.
"Bhfuil na caoire go léir agat, a Sheáin?" arsa sé.
"Nílid" arsa Seán leis.
"Cioca acu atá imithe?" ar sé le Seán.
Tá an t-uan dubh imithe" arsa Seán leis.
"Cá bhfuil sé imithe?" arsa an máistir.
"Innis Seán an scéal go léir de ansan agus ní bhfuigheadh aoinne iachaibh a chuir air éithig do innsint.- Bailitheoir
- Seán Ó Cuilliú
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bean Treó
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge