Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 443
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí sé ag cuimhneamh ar na sprideanna agus nuair a bhí sé ag dul thar an lios léim asal amach agus lean sé an fear. Do scréach an fear agus d'airigh na daoine é. Nuair a thángadar amach bhí an fear caite ar an mbóthar. Thógadar isteach é go dtí an tig agus bhí sé tinn go ceann cúpla seachtain.
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag obair ag firmeoir. Dúirt an feirmeoir leis dul go dtí an aonach le bó. Do chuaidh an fear agus ní raibh sé i bhfad ar an aonach nuair a tháinigh ceannathóir chuige agus cheannaigh sé an bó uaidh.
Nuair a fuair an fear an t-airgead do chuaidh sé isteach agus d'ith sé a bhricfást.
Nuair a bhí an bhricfást ithe aige chuaidh sé ag ól agus do fhan sé ag ól go dtí go raibh sé ar meisce. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile chonaic sé fear le capall díalaithe. Do bhí an fear chun an t-airgead a thógaint uaidh. Dúirt sé leis an fear a bhí ar meisce a airgead a bhí aige a caitheamh amach ar an mbóthar.
Do chaith an fear amach ar an mbóthar é agus thosnaigh an fear eile á phioca suas.Nuair do chrom an fear síos do léim an fear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seumas Móinbhíal
- Inscne
- Fireann