Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 195
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)22 Cad na thaobh go bpiocann an chearc pota - mar ní féidir e do lighe.23 Cad na thaobh go ritheann an chearc treasna an bhóthair - chun dul go dtí an taobh ele.24 Cad leis go bhfeiceann tú duine ag ól anairthe - led' shúilibh.25 Cathain go mbíonn an long glan - nuair a fhágann sí "an Wash" i Sasana. 26 Do chuaidheas suas an bóthar agus do tháinig anuas agus do thógas an bóthar ar mo mhuin - dréimire27 Bíonn sé fé an teine agus ós cionn na teine ach mar sin féinní láimhsigheann sé an teine in-aon-chor - bollóg aráin dá bhacáil i bpota iarainn inaice na teine. 28 Cad a dheineann fothrom níos mó ná muc ag béiceadh fé geata - dá muc san áit ceadhna.29 Rugadh cúpla i Márta. Bhí a lá beirthe aca i mí aibreáin. Fuair a athair bás nuair a bhíodar óg. Do phós leathchúpla a mháthair - bhíodar beirthe i Márta baile i Sasana ach is i mi aibreáin go rabhadar beirthe. Do fuair a athair bás nuair a bhíodar óg agus do phós a mathair arís. Sagart ba eadh leath-chúpla agus do phós sé a mháthair dona leas-athair.30 Cad é an rud a bheireann uisce cé go bhfuil sé lán do phollaibh - ciunnach (?)(leanann ar an chéad leathanach eile)