Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 196
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)31 Mar ní phósann an bhrídeach an fear is fearr. 32 Cad na thaobh go bhfuil cosamhlacht idir capall ráis agus seibhíseach freastail - mar ritheann siad araon tar éis cupán agus plátaí. 33 Cathain go mbíonn ocras ar chlog - nuair a bhíonn sé ag dul chun a h-ocht.34 Nuair a bhíonn dachad píosaí ar bhríste fir, cad é an t-am é am chun bríste nuadh d'fhagháil. 35 Téidheann sé suas bán agus tagann sé anuas dearg - ubh briste. 36 Cad é an rud é seo - capall cruaidhe agus earball bán air - snathaid agus snáth bán tríthe37 An fear a dhein é níor chaith sé é.
An fear a chaith é ní fheaca sé choidhche é - comhra38 Cad é an rud é seo? Píosa os cionn píosa gan aon greim - tor cabáiste39 (Cad é) Cé h-é an fear a phósann bean ach mar sin féin fanann sé gan bhean i rith a shaoghail - sagart40 Cad é an crann is fearr ins an samhraidh - an crann sleamhain 41 Do chuaidheas isteach i ngáirdín cruithneachta do chonnaiceas rud ann go maith chun ite
Níor iasc, feoil, éan mo cnamh é agus do choimeadas annsan é go raibh cumas air siubhail 'na aonar - Sicín dhá breith(leanann ar an chéad leathanach eile)