Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá an áit sin suidhte timcheall míle ó Chill-an-Dísirt. Tá oileán an bheag i lár an locha agus is mó scéall greannmhair a bhaineann leis sin. Aon oidhche de dhein fear sa chomharsanacht taidhbhreamh go raibh ór curtha fé chrann áirithe ins an oileán sin agus go raibh greideall ar a bhárr.Do chuaidh triúir comharsain eile in éinfeacht leis agus do thugadar aghaidh chuig an oileán uair an mheadhon oidhche. Do thosnuigheadar ag rómhar agus do leanadar an obair go dtánaigeadar go dtí an greideall fé dheire. Is ortha abhí áthas annsan, geallaim duit. Bheadh deire le cruadhtan an t-saogháil mar do cheapadar, ach ní riabh an scéal críochnuighthe fós.Bhíodar ag moladh iad féin le h-áthas nuair d'airigheadar guth riúindeamhsa ag caint in gar dóíbh. D'órduigh an fear suidhe dóíbh an poll do dúnadh arís gan mhoill agus iad féin a iomchair abhaile láithreach bonn. Fir misneamhla ba eadh iad go léír agus cé go raibh eagla ortha do leanadar ag romhar gan stad. Tar éís tamaill eile d'airigheadar guth eile ag radh "lean libh" no "leanaidh libh" agus do thguadar a chomhairle.Do léím an greideall go h-obann amach as an bpoll. Do lean an t-ór é. Bhíodar go léir caithte ar bhárr an phuill cé nach bhfeaca na fir éinne gá láimhsuighadh. Do thugadar iarracht an t-ór do bhailiú ach do theip ortha an piosa is lugha do thógaint. Do tharraingeadar as láímh a chéíle ach níor eirigheadar leo.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Deasaidh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir