Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí gabha 'na chomhnaidhe i Leac na Sionnach fadó. Duine malluighthe ba eadh é agus bhí eagla ar dhaoine roimhe i gcéín agus i gcomhgar. Tomás Fada abhí mar ainm air mar fear mór beathuithe ba eadh é. Deirtear go raibh céardcha aige agus crann mór ag fás ós a comhair an dhorais. Dheanadh sé úasáíd eile as an gcrann seachas é a choimeád mar scáth i gcóir taithnimh na gréine. Deirtear go gcrochadh sé daoine as an gcrann tar éis iad do sladadh ar dtuais.D'eirigh sé an shaidhbhir ar fad agus choimeádadh se a chuid airgid sa bhaile agus boc gabhar agus madra mór gá choimeá do réir an t-Seanchuis. Bhí tigh comhnaithe aige tamall beag ón gceardcha 'na raibh trí áirsí chun an tighe do choimeád teann láidir is docha. Deirtear gur ins an meadhon áinse abhí an t-ór curtha i bhfolach. Níor thug éinne iarracht riamh an t-ór do ghoid an fhaid abhí Tomás beo. Is mo dhuine ó am go h-am a eirigh uair an mheadhon oidhche ar lrog tighe Thomáis le h-intinn (?) a chuid airgid d'fhagháí acht níor thánaig aon toradh riamh as an lorgaireacht.
Pádraig
An Droichead
Cill-an-Dísirt- Faisnéiseoir
- Pádraig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir