School: Naomh Eoin, Béal Easa (roll number 14176)
- Location:
- Foxford, Co. Mayo
- Teacher: Oide sa chlochar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Béidh cuimhne i gCnoch na Coille go héag ar an lá a ciste óir. Ní i bhfat ó shoin é, acht san mbliadhain 1916. Do roinneadh an talamh ar na daoine 'san mbliadain sin. Fuair daoine talamh a bí i seilbh clann eile ar fead na séadta bliana.
Bhí lánamhain áirithe in-a gcomhnuidhe 'san sraid-bhaile sin, agus fuaireadar talamh ar a raibh seanteach. Lá amháin thosuigheadar ag baint na gcloch amach, agus ag iarraidh an teach do leagadh ar fad. Mac Domhnaill an t-ainm a bhí orra.
Nuair a bhí an teach beagnach leagtha aca fuair duine de mhuinntir Mhic Dhomhnaill féin pota fé lich an dorais, agus é lán d'airgead. Bhí na píosaí airgid mheascaithe lén a cheile. Airgead na(continues on next page)