School: Naomh Eoin, Béal Easa (roll number 14176)

Location:
Foxford, Co. Mayo
Teacher:
Oide sa chlochar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0125, Page 259

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0125, Page 259

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Eoin, Béal Easa
  2. XML Page 259
  3. XML “An Reilig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá dhá roiligh timeall Béal Easa. Teampoll Maol a tugtar ar cheann amháin agus Creagach ar an roilig eile. Tá roilig Teampoll Maol timpeall míle ó mBéal Easa agus tá roilig Creagach timcheall dhá mile. Cuma cearnógach atá ar Creagach agus cuma dronuilleógach ar Teampoll Maol. Ní cuirtear aoinne i dTeampoll Maol anois ach cuirtear daoine i gCreagach fós.
    Tá cill síos i gCnoc Mhór agus Cill Comann an t-ainm a tugtar ar. Sé an chill sin an cill is sine in Éirinn. Cuirtear páistí nar baistadh ins an cill sin. Tá sé suidhte in aice locha atá in aice Cnuich Mhóir. Deireann na sean daoine go bhfuil Colm Cille cuirthe in aice leis an gcill. Seo é an sgéal. Do cuireadh Naomh Colm Cille in Oileán Í, ach ba mhaith leis bheith curtha in Éirinn. Tháinig fearthainn mór agus thug an fhairrge air ais go h-Éirinn. Bhí baintreabhach in a cómhnuidhe in aice leis an gcill agus bhí naoí acra de thalam aicí.Bhí dhá buin aicí freisin agus lá amháín chonnaic bó amháin rud éigin amuigh ar an loch. Chonnaic an baintreabhach é agus chonnaich sí gur comhra a bhí ann. Do cuir cúigear fear an comhra ins an gcill, agus aon duine a ghuidheann ós cionn na h-uaige geibheann sé a atchuinghe
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
          1. graveyards (~2,501)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Thaidhg
    Gender
    Female
    Address
    Foxford, Co. Mayo