School: Ros Dubh (roll number 12569)

Location:
Ros Dumhach, Co. Mayo
Teacher:
Seán Ó Gionnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 337

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 337

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ros Dubh
  2. XML Page 337
  3. XML “Amhrán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Amhrán

    B'olc an tearradh mé i dtús na Martha

    Bolc an tearradh mé i dtús na Martha
    Ní chaithfinn an láidhe go ceann seacht mbliadhan
    Ní raibh lámh, in gunna agam na i maide rámha
    Ní raibh mé fá nealach? ar muir ná ar tír
    Ní bhainfinn an punann in am a gearrte
    Ná go sileadh an grán aiste leis an ngaoth aniar
    Oró a chailín deas má’s mise atá i ndán duit
    Is fada fánach a bhéas do shaoghal
    Deir mo mhuinntir do reir a dtuairim
    Go dtiubhrainn ruaig go Newfound Land
    Níl mé feileamnach ar iomchar ualaigh
    In obair tuaighe na gearradh crann
    Dá dtigeadh an stoirm is an teach da fuadhach
    Ní ligfeadh an fuacht dom dul ó’n splainc.
    Ach dá mbéadh teach tábhairne ag bun na Cruaice
    Ba é mo dualgas tarraingt ann
    Diarfainn bean ins an am nach bfuiginn í
    Nuair nach gcuirfinn an síol san Earrach róman
    Ach i sligh ag cailleacha ag caitheadh an píopa
    Ag troid is ag bruighin is ag déanamh gleó
    B’furust aithne dóibh nach raibh mé críonna
    Bolc mo bhríste agus nár mhaith mo bhród
    Oro a chailín deas mas mise atá i ndán duit
    Béid mala an t-saoghail ort fada is bheas tú beó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás O Gallcobair
    Gender
    Male
    Address
    Ros Dumhach, Co. Mayo
    Informant
    Micheál O Baoglain
    Gender
    Male