School: Ros Dubh (roll number 12569)

Location:
Ros Dumhach, Co. Mayo
Teacher:
Seán Ó Gionnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 341

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 341

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ros Dubh
  2. XML Page 341
  3. XML “Sean-Mhaigh Eo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá an tEarrach imthigthe agus an Samradh i lathair
    Agus tá an bláth bán ar gach tom is gach craobh
    Tá an féar is na duilleabhair tri huair fásta
    Ó d'fág mé céad slán ag Oileán na Naomh
    Sé mo chroidhe atá craidthe agus a Dhia Cé'n tiongnadh
    Faoi bheith ibfad ó mo gaolta agus mo tír deas féin
    Go siorruidhe ag smaoineamh gach lá is gach oidhche
    Ar an Oilean is aoibne dá bfuil faoi'n ngréin

    Is iomda bárd a rinne trácht ort
    Is iomdha scoláire chur é i gcluí
    Na go dtéighidh mé idtalamh idir corp is cnámha
    Béid greann is gradam agam do shean Mhuigheo
    Sí an conndae is deise í atá in Eirinn
    Níl ar an tsaoghal seo aon áit is fearr
    Is tú is léir dom gach áit da dteigimse
    Céad beannacht Dé leat o bun go bárr

    Níor sgal an grian is níor soillsigh aon realta
    Ar aon áit is féile na tú amháin
    Is a Mhuigheó milis agus a Conndae Uasail
    Tá ariamh inuachtar agus bhéas go brátach
    Tá sé scríobhta le dubach san biobla
    Agus tá sé mínithe ó'n altóir fíor
    Gur chaith Naomh Pádraic dhá fhichid lá agus dhá fhichid oidche
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maigread Ni Gionnain
    Gender
    Female
    Informant
    Padraig O Docartaigh
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Port an Chlóidh, Co. Mayo