School: Ros Dubh (roll number 12569)
- Location:
- Ros Dumhach, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Gionnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ros Dubh
- XML Page 291
- XML “Comhartha Sneachta”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1) Nuair a bhíonns go leór néalta gorma sa spéir bíonn sneachta air.
2) Nuair a bhíonns bealach-na-bó finne ag gluaiseacht go mear thríd an spéir bíonn sneachta air.
3) Nuair a bhíonns an speár dearg san áit a dteigeann an ghrian faoi deirtear go mbíonn sneachta le teacht.
4) Nuair a bhíonns na réalta ag caitheadh soluis uatha bíonn sneachta air.
5) Nuair a tigheanns na smugairlaigh -rón isteach leis an lán-mara bíonn sneacta air.
6) Tigeann na Rónta isteach an-ghar do'n chladach nuair a bhíonns sneachta air. - 1) Bhí bean ina comhnuidhe i bPorturlainn dárbh ainm Máire Ní Chosgair agus chuaidh sí ag siubhal go Béal-an-Áthá chun dhá slat déag flainín a bhí aice a dhíol. Dhíol sí an flainín agus bhí sí abhaile arís roimh an oidhche.2) Bhí fear ina chomhnuidhe i bPort-an-Cluaigh darbh ainm dó Seán Ó Néill agus thug sé trí chéad mine abhaile ar a dhruim ó Béal-an-Mhuirthid. Ní dearna sé a sgíth go(continues on next page)