School: Gleann Caisil (roll number 13222)

Location:
Gleann Chaisil, Co. Mayo
Teacher:
Eoghan Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 368

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 368

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Caisil
  2. XML Page 368
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí fear eile ar bhaile Dubhloch agus nuair a tháinic sé abhaile in éis a lá oibre bhí duine a fághail bháis sa teach.

    (continued from previous page)
    sé thíos sa ghainnimh séidthe é cois a chladaig. Nuair a fhill sé ar a teach bhí duine eile marbh roimhe. Thóg sé leis é agus chuir le h-ais a chéad fear é. Nuair a fhill sé ar a teach airís bhí duine eile marbh. Thóg sé leis airís agus chuir sé cois a' chladaig é chómh maith
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    In aimsir a ghort loic gach rud agus ní raibh tadaí ag fás go na daoiní.

    In aimsir a ghort loic gach rud agus ní raibh tadaí ag fás go na daoiní. Thug na sagairt amach annsan go na h-altóir gan na daoiní aon cur a dhéanamh - nách bhfásfadh tadaí. Cuid go na daoiní chuir siad na bachlógaí [.i. stems] agus d'ith siad an fat {!}; daoiní eile bhain siad na súilí amach as na fataí agus chuir siad iad. Na daoiní a chuir na sgoilteáin b'éigin dóibh a dtógáil airíst agus a n-ith leis an ocras. Ach aoinne a rinne saghas cur a bith níl feidhim fiafruighe ar an barraí a bhí amuigh an bhliain dár gcionn. Bhí fataí ag gach duine a chuir bachlógaí nó súilí nó sgoilteán nó rud a bith.
    Tháinic oibreachaí 'un a tír a bhliain dár gcionn, agus iad sin nár chuir aon fata bhí siad ábalta beagán a ceannacht ó na daoiní go raibh siad aca. Ó'n lá sin amach bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Liam Ó Raghallaigh
    Gender
    Male
    Address
    Dumha Locha, Co. Mayo