School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 430
- XML “Bréag Éireann”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Rug sé greim dhá láimh orm --
"Céad míle fáilte agus sláinte rómhat. Is tú an bréagadóir is feárr a casadh ormsa go fóil."
"Agus má's bréag é sin bíd sé i mbéal a mhadaí," arsan seanchaidhe (no title)
“Bhí easbog i dteach a' phobail in éis aifrinn a rádh agus sheas sé ar an altóir.”
Bhí easbog i dteach a' phobail in éis aifrinn a rádh agus sheas sé ar an altóir.
"Bhfuil fear a bith sa teach a thiocfadh leis a innsint dom go céard is goirre cabhair Dé ná 'n doras?"
Bhí sgoláire bocht ins a teach. Shiubhail sé suas.
"Bheul," ar seisean, "á dtiúrthá an maide buidhe sin atá agats' dom-sa, agus a chulaith dheas, ínnseó mé duit é."
Thug sé an maide buidhe agus an culaith aifrinn dó agus chuir sé air iad.
"Bheul a chruinniú," ar seisean, "Ínnseó mé díbh go céard is goire cabhair Dé ná 'n doras. Bhí mise in mo sgoláire bocht tá cúig móiméad ó shoin ann, agus tá mé in m'Árd Easbog anois."(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Éaluighthe
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- An tSraith, Co. Mayo