School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 403
- XML “Araid (ortha) in Aghaidh an Doigh-Fhiacail”
- XML “Araid an Fhiabhrais Coimhdeach (Tinneas Cinn)”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)trí paidir, trí Ábhé Maria, agus Cré i n-aghaidh an doigh fhiacail leighisfear é. Is ceart an araid a sgríobh síos agus a choinneáil in do phóca.
- An té a mbéadh an tinneas cinn aige, gheoghfadh sé tape agus gheobhadh sé ag a fear a mbéadh an araid aige. Thiubharfadh sé an tape dó. Annsin gheobhfadh fear an araid ar a ghlúiní agus déarfadh sé seacht bpaidreachaí, seacht n-Abhé Maria agus Cré ag urnaighe leis an araid.
In éis a mhéid sin a bheith déantaí aige gheobhfadh sé an tape agus chuirfeadh sé séide beag leis. Annsin bhéarfadh sé go gairid air le na dhá mhéir agus a dhá órdóig agus do réir mar bheadh sé a rádh na bhfocal seo leanas bheadh sé ag déanamh cómhartha na Croise ar bhathas an duine leis a gcuid sin go'n tape - Araid Mhuire agus Araid Dé
Araid Mhícheál teacht go tréan
Sgíath Mhícheál na mBeart
Agus slán gach ceann dhá dtéigheann.(continues on next page)- Informant
- Pádraic Ó Tuathail
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Dumha Locha, Co. Mayo