School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 509
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.Bhí fear ann fadó shoin agus bhí mac aige agus bhíof an mac seo a déanamh fios. An t-am sin bhíof ar na daoine a dhul go dtí an gabha le spáid a dhéanamh dóibh. An lá seo bhí spád a teastáil ó'n bhfear agus b'éigin do a dhul chuig an gabha le ceann a fhághail. Nuair a bhí an fear ag imtheacht dubhairt an mac leis -
"Tóigfi' an gabha an chéad spád, agus caithfi' sé úai' é agus bei' sé a tochailt a chinn. Tóigfi' sé an dara ceann annsin agus caithfi' sé uaidh é mar an gcéadna agus bei' sé a tochailt a chinn a chó maith. Ní bhei an dá spád sin déanta i gceart aige agus ar d'anam ná tóig aon cheann acú, mar bhí sé a tochailt a chinn i ndiai' gach ceann acú a dhéanamh. Annsin tóigfi sé an tríomhadh ceann len' a dhéanamh agus nuair a bhéas sé deanta aige, leagfai' sé uai' é agus ní bhei' sé a tochailt a chinn cor ar bith. Bei' an ceann sin déanta i gceart aige agus tig leat an ceann sin a thabhairt leat.(continues on next page)- Informant
- Kitty Corrigan
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Dumha Locha, Co. Mayo