School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 465
- XML “Bliain an tSirriam i nDubhloch”
- XML “Piseog”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an dtalamh agus tá an sconnsa sin agus a teach ann go fóil.
Chaitheadh gach duine ceithre lá déag oibre a thabhairt do'n mBinghamach gach bliain, agus pe' bith oibre bheadh ar siubhal agat h-éin a fhágaint. Ní gheobhfá tada ar a shon agus ní mór an cothú a gheóbhfá - sgadán nó braon bainne géar agus lumpers [cineál fataí], agus ní bheadh cead agat a dhul isteach sa teach cor a bith. Thiocfadh sé un a tighe agat agus Carolín agus fuip leis agus níor mhór duit dul leis. In a cheann sin chaitheá muiniú maith a bheith ort - Máighistir nó Tighearna a thabhairt air agus dul ar leath-ghlúin nuair a bheadh tú a beannú dhó.
Níl fios fairnéis ar aon Binghamach in Iorrus indiu ach fear amháin atá i nDubhloch - Donnchadh Bingham agus tá sé sin in aoíst anois. - Bhí sean bhean i mBeannchor Iorruis agus nuair a bhíodh a cosa nigthe aici, thóigfeadh sí sméarthóid dearg as a teine agus chuireadh sí isteach san uisce salach e roimh é chaitheamh amach. D'abrodh sí paidir éicint le linn di sin a dhéanamh.
- Collector
- Eoghan Ó Suilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killaha West, Co. Kerry