School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 351
- XML “Eolas faoi na Francaigh a Tháinig isteach i gCuan Chill Allaidh um 1798”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Eolas faoí na bhFranncach a tháinic isteach i gCuan Chill Allaidh um 1798.Ins an am sin ní raibh salann ar bith le fághail ar an dtaobh seo go Cill Allaidh dá dteastuí sé uait. Nuair a bheadh salann a teastáil ó bhuc mór éicínt gheóbhfadh sé fear go mbeadh capall aige agus thabharfaid sé págh dhó an salann a thabhairt 'uige. Ní raibh bóthar ar bith ann an uair úd.
Do thárla go raibh salann a teastáil ó ceathrar boc mór a bhí in a gcómhnuidhe ar pharaíste na Cille Móire. B'íad an ceathrar ná
Criostóir Crúmpa, Riocárd Ó Giobúin,
Liam Elefort {?} agus Tomás Nais.
Fuair siad triúr fear déag ar pharáiste na Cille Móire, agus chuir siad síos go Cill Allaidh iad le h-aghaidh a tsalainn. Fuair siad síos leis na capaill agus ní raibh cuimhniú ar bith aca ar céard a bhí rómpa. Fuair siad isteach i dteach a' Ghabha chon croíthí a chur faoí na capaill. Bhí fhios ag a' ngabha go raibh na(continues on next page)- Informant
- Pádraic Ó Ciaráin
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Dumha Locha, Co. Mayo