School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 405
- XML “Scéal an Mhí-Áidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal an Mhí-ÁdhBeirt dritheárachaí a bhí ann. Bhí duine aca an saidhbhir agus duine aca an bhocht. Ní raibh duine a bith clainne ag a bhfear saidhbhir agus bhí mórán mór clainne ag a bhfear bocht, agus gan aon slighe bheatha aige dóibh. Ach an páiste deiridh a bhí ag a mraoí dubhairt sé go gcuirfeadh sé as a slighe é. Thug sé leis cliabh agus fuair sé 'un a {bh}ogach faoí dhéin cliabh móna, agus thug sé {s}pád leis. Do chart sé poll. Nuair a bhí sé a cartadh an phuill gheárr sé scraith thart agus d'fhág sé taobh go'n scraith greamuighthe {g}o leigfid sé anall mur clár é nuair a bheadh an páiste thíos aige.
Nuair a bhí sé a cartadh an phuill agus nuair a mheas sé go raibh sé sáitheach domhain aige dhearc sé suas ó's a chionn agus thainnic sé fear in a sheasamh ar bhruach an phuill, agus d'fhiafruigh sé dhó céard a bhí sé a déanamh annsin.
"Mise an Mí-Ádh," ar seisean, "agus beidh mé a siubhal leatsa go lá do bháis."
"Bheul, gabha annseo anuas - arsan fear - go bhfeici tú bhfuil a' poll seo sáthach domhain."(continues on next page)- Informant
- Pádraic Ó Tuathail
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Dumha Locha, Co. Mayo