School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 242
- XML “An Gobán Saor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Goidé an locht atá air”? ars an fear uasal.
“Tá barr na binne claon beag crochta“ ars an saor.
“An dtig sin a leigheas?" ars an fear uasal.
“Is furuast a leigheas," ars an saor, “da mbíodh ball uirnéise agam atá ins an baile."
“C’ainm atá air?" ars an fear uasal.
“Cam i n-aghaidh an choir agus corr i n-aghaidh an chaimh,” ars an saor.
“Cuirfidh mé mó ghiolla fa n-a coinne," ars an fear uasal.
“Ní bhfuigh giolla ar bith é, acht d0 mhac fhéin," ars an saor.
Go luath ar maidin an lá tar na mhárach bhí mac an fhir uasail ar shiubhal go h-Éirinn fa choinne na h-uirnéise. Nuair a tháinic sé fhad le teach am t-saoir dubhairt sé le ban-chliabhán an tsaoir gur chuir athair a céile anall é fa choinne ball uirnéise.
“Ca h-ainm atá air?" arsa sise.
“Cam i n-aghaidh an choir agus corr i n-aghaidh an chaimh,” arsa seisean.
Thuig sise sa bhomaite goidé bhí cearr. Nó ba é an mínughadh a bhí leis, “Da mbíodh-muis ag fághail ar gurt ní dheánfainn seo.”
“Tá sé thuas annseo sa chorfa,” arsa sise.
Chuaidh mac an Albanaigh go dtí an corfa agus chuir a lámh síos ann. Bheir an bhean greim dhá chois air agus chaith isteach ann é agus dhruid an clár air.
Chuaidh a sgéala anonn go h-Albain go raibh mac an fhir uasail ina príosúnach i n-Éirinn agus nach bhfuigheadh sé saor(continues on next page)- Collector
- Dómhnall Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Antóin Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal