School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 299
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí bean agus fear ann uair amháin agus bhí dhá mac déag de teaglach acú. I gcomhnuidhe bíodh an bean ag rádh gur maith léithe ingean a beith acú.”
(continued from previous page)sideóg chuicí agus dubhairt léithe go mbéadh ingean aicí a mbéadh na trí dathannaí sin inntí ach an lá a tiocfadh an leanbh ‘un tsaoghail go gcaithfeadh sí sgaradh le na daréag mac.
Chuaidh an t-am thart agus nuair a tháinic sé comhgarach dó’n am chuir an dá mhac déag isteach i seomra a rabh doras iarainn air. Shíl siad nach n-imtheochadh na mic anois ach ní rabh maith ann. ins an bhomaite a dtáinig an ingean ‘un t-saoghail d’imthigh na mic amach ar an fuinneoig ina ngeacha fiadhaine.
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc go dtí go rabh an ingean i gcionn a dá bhliadhain déag. lá amháin chuir sí ceist ar a mháthair an rabh deirbhsiuir nó dearbhrathair aicí-se ariamh. D’innis a mathair dithe go rabh leoga, “Ach, faraor,” arsa sise, “an lá tháinig tusa ‘un tsaoghail d’imthigh siad amach ar an fhuinneóig ina ngeacha fiadhaine.”
“Bhal,” arsa’n cailín, “tá mise(continues on next page)- Collector
- Máire Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Seán Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal