School: An Sraith Mhór (roll number 15208)

Location:
An Srath Mór, Co. Donegal
Teacher:
Brighid Ní Ghaodhchain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 37

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 37

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sraith Mhór
  2. XML Page 37
  3. XML “Seaghan an Chlochair Dhuibh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé ar na buachaillí na caiple a dhíol agus an luach a thabhairt do agus thug. Chuaidh sé isteach arís agus caill sé sin. Bhí deireadh caithte annsin acu agus rinn siad amach go rachadh siad in-arm Sasan agus cuireadh anonn go sasain iad. Nuair a bhí siad tamall 'san arm d'éirigh siad tuirseach ann agus d'imthigh siad leobhtha ar a seachnadh. Nuair a tháinig an oidhche chuaidh siad isteach i gcoill. Chonnaic siad solus beag agus tharraingt siad air. Caidé a bhí ann ach caislean bréagh agus chuaidh an tríur acu isteach ann. Ní rabh duine ar bith istoigh ann agus cuartuigh siad thart go bhfuair siad rud inteacht le h-ithe annsin chuaidh siad isteach i seomra agus luighe siad ann. Nuair a bhí an lá ag glanadh tháinig tríur cáilin isteach 'san cáislean agus cuaidh siad fhad leis an áit a rabh na buachaillí na gcodladh. Bhí Seagan musgailte agus labhair sé leobhtha agus d'innis deobhtha caidé an dóigh a dtáinig siad ann agus d'iarr na cailiní ortha fanacht lá ar na barach agus d'fan. Nuair a bhí siad ag imtheacht thug an cead cáilín spáran beag do Sheaghan agus dubhairt sí leis go mbeadh guiní ór 'san spáran 'acan am a bhfosgladh sé é. Thug an cáilin eile fideog do buachaill amháin agus an cailin clocáin draoidheachta do'n treas buachaill agus d'iarr siad ortha na rudaí sin a coinneailt ar feadh bliadhain agus lá agus d'imthigh an triúr buachaill leobhtha arís d'iarr Seaghan ar a bhuachaill a rabh an clocháin droideachta aige iad a fhagailt i mBaile-Bó-Feidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0564: The Magic Providing Purse and “Out, Boy, out of the Sack!”
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní hEarlaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Seamús Mac Aodhchain
    Gender
    Male
    Age
    76
    Address
    Béal an Átha Móir, Co. Donegal