School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Smerwick (B.)
- XML Page 033
- XML “Seanranna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Duine gan stór a ghlór ní meastar í gcéin,
Duine gan stor ar chóiste ní bagarthar é.
Duine gan stór níl gnó aige ag imirt na ag glaodhach
Duine dá short bíonn sé na sheód ag aindheise an tsaoighail.
Táimse cortha is ní moltar mo shaothar,
Agus taréis mo dhíchill ní bhítear baodhach díom.
Is mor leó a ndithim & is beag leó a ndéanaim.
Agus ní leigtear a chodlad go breach an lae mé.Gorta dúbha mar a suíghtear síos me
Í bportach móna atá dhá fhódh deagh ar aoirde.An ghaoth adtuaidh bíonn sí cruaidh is cuireann sí fuacht ar dhaoine
An ghaoth aniar bíonn sí fial is cuireann sí iasc i liontaibh.
An ghaoth andheas bíonn sí tais is cuireann sí rath ar shíoltaibh.
An ghaot anoir bíonn sí tirm is cuireann sí sioch istoidhche.Sláinte chúgat agus cabhair
Dealbh go dteo ná rabhair
Go bhfásad gruaidh ar cheann
Cómh fada le meigeall an ghabhair.Táim in áraírse, árairse,
Táim in áraírse i dteach óil.
Táim in áraírse, árairse.
Agus is baoghalach ná díolfhad go deó.(continues on next page)- Collector
- Dómhnall Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 15
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry
- Informant
- Peig Ní Murchadha
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- c. 78
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry