School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na h-uibhe a ghoid as an nead gan an t-ean a mhúscailt. Do dhein sé mar a dúbaras leis & thógh sé anuas na h-uibhe.
Dúbairt sé leis an bhfoglaoir na h-uibhe a lamhach & chuir sé tímhcheall lé fiche slat uaidh iad. Do lamhach sé na h-uibhe & dúbhairt sé leis an siúinéir na h-uibe a chur lé chéile. Do chuir an siúinéir lé chéile na h-uibhe. Annsan dúbhairt an feirmeóir ná tabharfeadh sé an talmh d'aoinne aco mar ná feadfeadh sé a dheanamh amach ce'cu aco go bhfuil an cheárd is feárr aige.
Dúbairt sé leó imhtheacht go ceann trí mblian eile annsan dúbaradar leis ná casfaidís go bráth arís ar. Do bhíodar ag siúbal leó & iad i n'aonfheacht nú go dtánadar go dtí an áit ná raibh tigh an rí. Do bhí an rí & a clann & muinntir na h-áite go léir ag gol is ag caoidhe.
D'fhiarraigh an triúr don rí cad fé ndeara an gol go léir. Dúbairt an rí gur bannlaidh a bhí piast sa loch a bhí leath mhíle uatha & go gcaithfeadh sí an inghean a ghabáil lé n-ithe. Dúbairt an gadaidhe ná geóbadh sí an inghean lé n'ithe. D'imthíghdear ortha síos go dtí an loch & bhí an phiast thíos & a ceann ar imeall na locha aice.
Do rug sí ar inghean an Rí & d'imthigh sí go dtí an taobh eile den loch & chuir sí ab inghean fé na ceann. Do fuair an triúr mac bád & amach leó. Do ghoid an gadaidhe inghean an Rí, & do thosnuighdear ag rámhíocht chómh maith & bhí na gcroidhe. Ní fada a bhíodar nuair a dh'eirigh an phiast. Ní túisce a dh'eirigh sí ná mar bhí an foglaoir ag caiteamh philéar léi. Sa deire do thuit sí anuas ar chliathán an bháid & bhris sí í, annsan do thosnuigh an siúinéir dhá dheisiú. Do thugadar inghean an rí isteach ar an dtalmh tirni & bhí an phiast marbh aco.(continues on next page)- Collector
- Mícheál Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Age
- 15
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry
- Informant
- Seamus Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry