School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 606

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 606

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 606
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhí fear 'na chonmuidhe i mBaile Uí Dhuibhne. Tá Baile Uí Dhuibhne suidhte i bparóiste Chlocháin i gContae Chiarraighe. Fear símplí a b'eadh é. Bhíód sé gach maidin ar an tráig ag lorg éisc. Bhí an t-iasg ana fhlúirseach agus é ag teacht isteach sa tráig indiaidh an t-solláin. Maidin amháin do chualaidh sé an glór mór. Cad a bhí ann ach scata fear agus cómhra acu. Do liúig sé ortha h-olló! h-olló!, agus scaipeadar agus fuair sé an chomhra agus bhí fear óg istig ann. Mac do thigéarna talmhan i gCíll Dara; garsún óg a b'eadh é. Ní raibh sé ábalta ar labhairt mar bhí sé fé dhraoidheacht. Do fuair an fear símplí craobh dhub agus do thug sé don ngarsún é, agus tháínig a chainnt chuige. Dúbhairt an garsún go raibh oighean lán d'ór i seana thig i gCill Dara agus go raibh sé fé lic mhóír. Do chúadar ann agus do fuaradar é. Chúaidh an garsún go dtí 'na bhaile féín. Thug an fear símplí an t-ór go dtí Baile Uí Dhuibhne. Bhí gadúidhe san mbaile sin, san amh san, agus bhí fhios aige go raibh an t-ór ag an bhfear símplí. Do ghuidh sé an t-ór agus do thug sé go "Poinnte na Cathrach" é. Tá an áit sin inaice Baile Uí Dhuibhne. Bhí líosachán ann agus staighre ag dul síós
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Mac Gearailt
    Gender
    Male
    Informant
    Padruig Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Age
    69