School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó do raiceáladh áthrac thíar "i gCuan Bhaile Dhá, ar an dtaob thíar do Cnoc Bhrianáin. Ládáil íle a bhí innte. Do tháinig a lán des na barrailí íle slán ar an dtráigh. Do tharraig muinntir na h-áite cuid des na barrailí leó. Aon oidhche amháin nuair a bhí dream aca ag roinnt na mbarrailí bhí bean ag coineál soiluis dóib. Nuair ba mhór leí a bhí ag imeacht don íle asna barrailí arsa sí, "Ní bheidh aon nidh againn féin." ag iontógadh an tsoiluis san am ceadna os cionn barraile Le na lin sin do thóg an barraile agus i raibh ann teine. Idtig ceann thuighe a bhí an barraile. Do thóg an tig teine, agus do thóg an féar i bhí san iothlain teine, agus do thóg an baile ar fad teine. Dá bhríg sin gladohadh an "Baile Loiscighthe" ar an áit sin ó shóin.Fuaireas iad seo ó'm athair atá 58 bl d'aois. Chualaidh sé sin ó na seana athair atá marbh anois.
- Collector
- Eibhlín Ní Shéaghdha
- Gender
- Female