School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 713
- XML “Seancheirdanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Insa tseana-shaoghal, ni bhíodh aon ile ann ach coinnle á ndéanamh le geir agus gheibhdís an geir ós na h-ainimhidhre -- an bhó, agus an chaora. Chuiridís i gcoiméad í agus nuair a theastuigeadh coinnle uatha le déanamh i gcómhnuidhe, gheibhdís an múnla agus leighidís an gheir isteach sa mhúnla agus deineadh di coinnle breághtha. Maireann a lán dos na sean-mhná san fós a dheinead an obair sin. Sé an slíghe go ndeinidís an plainnín fadó. -- Tagadais agus bheárraidís na caoire agus thógaidís é annsan agus phriocaidís an olann mhín as an olann garbh. Ni bhíodh aon mhuileann chárdála fadó. Thgadh na mná le fheidre cártaí agus cárdáilidís an olann iad féin i na reiléirí beaga. Thagaidís annsan agus shíomaidís na reiléirí beaga agus dheinidís snáithín díobh; agus deinidís ceirtlíní don snaithín. Do dheinidís é dhealbhú ar an bhfalla le cipíní deabbhrúthe agus annsan nuair a biodh deire deilbhithe aca, bainidís don bhfalla é agus bheiridís go dti an fígheadóir é agus deineadh sé é d'fhíghe 'na phlainnín bhreágh agus thugaidís abhaile ó'n b'fígheadóir é, agus dheinidís é do níghe agus do ghlanadh, agus deinidís éadach breágh dó. Siad na fígheadóirí a bhí ann fadó ná Mícheál Ó h-Úallacháin, Eogan ó h-Úallacháin, Ned Lake, Seán Ó Duibhne agus Mícheál Ó Néill.(continues on next page)
- Collector
- Brighidh Ní Loínsig
- Gender
- Female