School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 708

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 708

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 708
  3. XML “Cruatan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1) Sa bhliain 1893 dfhág an Port Yarrock Aba an Pláta in America Theas le last copair, bhí sí ag dul go dtí Cóbh a gConntae Corcaighe. Do tháinig stoirm agus í ag treasnú Chuain Bhreandáín. Do tháinig sí isteach sa chuan agus do chaith sí an oidhce annsan agus an lá na dhíaidh do thairrig sí an anncaire agus do séideadh chun na fairrge í. Do bhí an stoirm ró láidir dóibh agus do seóladh roimh an aimsir í. Níor bhfheidir leo aon stad do cur léi gur mbuaileadh í i gcoinnibh bainnc "Tráig a' bhFuinn" ós cóir Cill Coimín amach. Do báthadh an Captaen agus naoi fear deag.

    2) Tháinig an "Laura" ó Russia le last gráinne buidhe. Bhí sí ag dul go dtí an Gaillimh. Do tháinig stoirm agus tháinig sí isteach go bádh Breanndán roimh an stoirm; reicealadh í annnsan ach do sábháladh Máirnealaig go léir.
    1) Bhí triúr fear ag iascaireacht maircréil oidhche amháin, tímcheall naoi mblían agus fice ó shin, gurb ainm dóibh Padruig Ó Neill, Míceál Ó Neill agus Eógan Ó Neill. Beirt droithar dobh ead Miceal agus Eogan, agus bhí gaol aca le Padruig. Tháinic gála gaoithe agus íad amuig san bhfairrge gur iompaig an naomóg ortha agus do báthadh íad go léir.
    2) D'imig ceathrar fear ó'n gCé lá Domhnaig chun beirt "Pílears" do chur anonn go dtí Cíll Coimín. Do bhíodar ar meisce, do chuireadar an beirt fhear i dtalamh agus nuair a bhíodar ag teacht abhaile d'eirig aragoint eatortha. Do iompaig an naomhóg agus do bathadh duin' aca gurb ainm do Miceal Ó Cléirig.
    3) Tímceall cheithre blíana ó shoin d'imig triúr
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Language
    Irish
    Collector
    Padruig Ó Loingsig
    Gender
    Male