School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 742

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 742

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 742
  3. XML “Áitainmneacha Páirceanna, Cnocáin, Locháin, Srutháin atá i bhFeirm M'Athar i dTír Uachtarach, Breanndán”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Breanndán:-
    Carraig na nGabhar:-
    Mar is ann a theígeadh na gabhair chun codladh is toidhche.

    Carraig Airt:-
    Mar bhí fear ann fadó dar b'ainm Art Ó Laógaire agus ba leis an garraidhe 'na bfuil an Charraig sin.

    Ainmeaca Srutáin i bParóiste Breanndan:-
    "Abha na Feinne":-
    Mar bhíodh na Fíanna ann fadó ag fíadhach

    Tobar a' Leasa:-
    Mar tá lios mór ann.

    "Tobairin Chléirig":-
    Mar tá sé anaice tígh Taidg Uí Chléirig

    Tóchair:-
    Tá sé anaice bóthair go glaodtar "Tóchair" air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Ar na cairrigeacha móra atá i bparóiste Breandáin tá: "Carraig a' Riaisc".

    CARRAIG a' RIAISC
    Glaodhtar an ainm sin uirthi mar tá talamh riascach i naice léíthi

    CARRAIG NIOCLAÍS
    Glaodhtar an ainm sin uirthi mar bhí Niocláis do Mórdha inaice léíthe

    CARRAIG ÁRD
    Glaodhtar an ainm sin uirthi mar tá sí ana árd

    LEACH BHÁN
    Nuair a bhíonn an ghrían a taithneamh uirthi bíonn sí ana gheal

    LEACH na mBan
    Glaodhtar an ainm sin uirthi mar deirtear gur báthadh triur ban dá druim agus iad a priocad duilisc fadó

    LEAC a' DUILISC
    Glaodhtar an ainm sin uirthi mar bíonn sé lán do duileasc i gcómhnaidhe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Mac Gearailt
    Gender
    Male