School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 613

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 613

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 613
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó do bhí miúil ins an "mbaile Dhubh " agus ba mhór an gaduidhe í. Oidhche bhreágh Samhraidh d'fhág an mhiúil an pháirc in a raibh sí agus tháinig sí go "Bóthar Buidhe" agus d'oscail sí doras tighe bhainne a bhí ann. Do bhí tubán uachtair sa tig agus do thosnuig an mhiúil ag ól an úachtair nó go raibh an tubán follamh aici. Annsan d'fhág sí an tig agus chuaidh sí isteach san iothlain ag ithe féir agus rudaí eile. Nuair d'éirig muinntir an tíghe ar maidin do chonnacadar an doras oscailte, an t-úachtar go léir ólta, agus an gaduidhe imthighthe. Chualadar fothram san iothlain agus chuadar amach. Do bhí an mhiúil in a luighe san iothlain agus a bolg chómh lán san ná féadfadh sí éirighe. Annsan do ghlaodar ar na cómharsain chun na madraí do chur i dhiaidh na múlach. Timcheall barra "Aoirde an Dairín" do thosnuig sí ag caitheamh ime siar uaithi 'na cnapáin mhóra, nó gur shrois sí "Bóthar na Féithe"agus is annsan a chaith sí deire uaithe.
    Fuaireas an sgéal sin ó'm Mháthair atá in a comhnuidhe I dTír Uachtrach agus tá sí 35 bl. d'aois. Fuair sí a sgéal on a h-athair atá marbh.
    Tá "Bóthar Buidhe" i bparóiste "Clocháin" agus tá an "Dairín" agus "Bóthar na Féithe" ar an dteórain i bparóiste an Bhaile Dhuibh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádruig Ó Séaghdha
    Gender
    Male
    Address
    An Tír Uachtarach, Co. Kerry