School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 717
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1) Ins an Inid dhe ghnáh a phósann na daoine mór tímceall na h-áiteacha seo2) Ní phósann daoine trí seachtaine roimh Nodlaig ná ins an gCarghas
3) Nuair a bhíonn lánamha ag pósadh sa tsáipéal síad na piosóga do bhíónn aca ná Nuair a bhíonn síád pósta caitheann na daoine rí anáirde 'na 'gceann i gcás go leanfhadh an Rath íádNuair a bhíonn síád pósta agus ag fágaint an t-saipéil siúblann síád le na chéíle amach an dorus, mar deirtear dhá n'imigeadh an fear amach roimh an bhean go gcaillfaí an bhean roimis agus dá n-imigeadh an bhean roimh an fear amach an dorus go gcaillfaí an fear roimpiBriseadh na daoine cúpla cúpáin ar an bpóstaí chun go leanfadh an rath íad
4) Do bíodh póstaí in's na tighthibh fadó, agus sop do bhíódh ag an bhean mar fáinne. Tar éis an phósta théígheadh fear an tíghe tímcheall le pláta trí h-uaire agus caithfeadh gach aoine airgead do chaitheamh isteach ann. Bhíodh an chead pláta ag an Sagart, an tarna ceann ag an gCléireach agus an tríómhadh ceann ag an gCóchaire5) Nuair a thagadh oidhche an phósta thagad na buachailí tuighe isteach agus croiceann gabhair nó croiceann caorach ortha. Do bhíodh ceól agus rinnce aca go dtí an mhaidean agus do bhíodh fáilte ag fear an tíhe rompa
6) Síád na h-eadaighe do bhíodh ar an lánmhain oig na:-Do bhíódh cosóg mhó fhada ar an bhfear agus eirbeall mór síar uirthe. Do bhíodh clóca ar an bhean agus gúna síóda uirthe(continues on next page)- Collector
- Padruig Ó Loinghsig
- Gender
- Male