School: Kenmare (B.) (roll number 2849)
- Location:
- Kenmare, Co. Kerry
- Teachers: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kenmare (B.)
- XML Page 506
- XML “Muc Mhór an Rí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ins na pócaí. "Ní gádh dhíbh bheith ag cur aon phiosaí in bhúr bpócaí" ar seisean leo "mar gheobhaidh sibh a bhfuil beirbhighthe sa chorcán igcóir na seachtmhaine díbh féinig."
Nuair abhí an suipéar ithte d'féach an bioránach timcheall "Bhfuil aon nídh agaibh go gcuirfidh mé an fheoil seo isteach ann díbh?" ar sé. Bhí {travelling bag} ag gach duine aca. Líon sé an dá mhála dóibh. "Téirig a chodladh anois" ar seisean "Táimid go léir ag dul a chodlad". D'imthigheadar leo go dtí seomra abhí curtha in áirighthe dhóibh. Annsan mheall an bioránach chuige maistín mór gadhar abhí sa tig; thug buille h-améir do a mhairbh é. Dhein an rud ceudna le maistín eile aca. Shocruig annsan iad agus cuir ag beirbhiú sa chorcán iad. Nuair a bhíodar beirbhighthe thóg sé iad agus gheárr suas na piosaí beaga iad, thóg sé an fheoil eile amach as na málai agus chuir isteach na gadhair in a áit. D'eirig an bheirt ar maidin Siúd abhaile iad agus thógadar leo na málaí.
Nuair a bhíodar a' fágaint an tíghe(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó hEaluighthe
- Gender
- Male
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Dawros, Co. Kerry