School: Imleach Droighneach (roll number 14085)

Location:
Imleach Draighneach, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 328

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 328

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Imleach Droighneach
  2. XML Page 328
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí figdeóir i Muinge Dhúda gur b'ainm do Sean na Muinge agus ní raibh aoinne na theannta.

    (continued from previous page)
    margadh le na chéile agus posadh iad. Is é an ainmh do bhí ar an inghean na Mór óg agus sé an ainmh do bhí ar an máthair ná Mór críodhna. Bhuel lá des na lae bhí sé ar a sheól figdeorachta in íochtar an tighe agus bhí seól aige agus an leabaidh ar an dtaobh eile. Do bí Mór óg ag agus Mór críodhna inaice na teine agus íad ag feúchaint air.
    Bhúail Mór Críodhna a bas agus chuis sí míle liúig aisde. "Nuair a bheidh leanbh agutsa bainfhidh an spól an t-súil as an leanbh" ar sise.
    Do chrom Mór óg agus an rud ceudna aici ag béicig is ag screadaig cómh maith. Is ró ghearr go dtáinig Domhnall isteach "Ghera, cad e sin ata oraibh i an amhlaid do gaibh Sean oraibh" "Ní sheadh" arsa Mór críodna, "ach nuair a beidh leanbh ag Mór Óg bainfidh se an tsúil as an leanbh thall sa leabaidh" "Buel" arsa Domhnall, "Tá an ceart agut" agus thosnuig sé ag lúirig cómh maith leó.
    Do preab sean aníos ón seól dubhairt sé gur b' olc an áit go dtáinig sé. Bhain sé de a chuid eadaig agus ghleus sé súas e féin sa culait b'feárr do bhí aige. Gleus sé súas é féin cun bóthair. Dubhairt sé na luighfad sé an tarna oidche ar aon leabaidh ná h-íosfhadh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1450: Clever Elsie
    Language
    Irish
    Collector
    Noel Ní Siocfradha
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    Ceann Eich, Co. Kerry
    Informant
    Fionán O Giarán
    Gender
    Male
    Age
    c. 70