School: Imleach Droighneach (roll number 14085)
- Location:
- Imleach Draighneach, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonmhuidhe
![The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 333](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0478%2FCBES_0478_333.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 333
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Imleach Droighneach
- XML Page 333
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí bean fadó ann ag sníomh lín a bhíod sí agus d'fhanad sí ana dhéanac suas na h-aon oidhche.”
Transcription guide »You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.(no title)
“Bhí buachaill ann fadó agus bhí thar cnoc siar ag tuilleamh.”
Bhí buachaill ann fadó agus bhí thar cnoc siar ag tuilleamh. Bhí sé ag teacht abhaile cun na Nodhlag agus bhí sé ag cuir an bóthan de abhaile go mall mar ná raibh aon tráen ná gluaisdeán ann an uair úd. Cheap sé go mbeadh sé istig i stráid a bhí i bhfad uaidh go dtógfadh sé lóistín sar a mbeidis na gcodladh.
Ach nuair a tháinig sé go dtí an áit bhí gach aoinne na gcodlad roimis. Bailibh sé leis agus dubhairt sé go mbeadh ag cur an bóthar de i gcaitheamh na h-oidhche. Tamall amac chonnaic sé solus i bhfad uaidh. Dein sé fé dhéin t-soluis. Seadh nuair a chuaidh sé cun an t-soluis. Is amhlaidh [is?] a botháinín beag ansan bhuail sé isteach sa bothán agus cad a bhí istigh ann ach dorán beag críodhna. Shuidh sé suas ar an raca a bhí ináice na teine agus bhí an duine aosda ar an dtaobh eile "Sead a stróinséar bhfuil aon sgeal nua agat?" "Níl" ar seisean "bhfuil sgéal fiannachta?" Dubhairt(continues on next page)