Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 197
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)42 Do chuir an rí chuig a driofúr soitheach gan bun chun feola agus cnámha a chur isteach ann: fáinne 43 Os cionn gairbhéil do thriallas. Os cionn buird do seasuigheas bhíos ar marchaideacht ar láir nár bhreith searrach choidhche agus do bheireas an srian ar mo láimh - long ag triall tríd an bhfairrge. 44 Cad é an rud é a ritheann go tapaidh ach mar sin féin ní bhíonn aon cosa ann - claibín uisge. 45 Cad é an rud é seo. Chonnac tú féin agus gach duine beó ach ní fheicfidh éinne go deó arís é - indé. 46 Cad na thaobh go bhfuil cosamhlacht idir buachaill neamh-tuigsionach agus coill san India - mar is traigh(?) na rudaí iad go léir.47 Beirt fhear marbh ag troid: beirt chaochán ag feiceant orthu beirt bhacach ag rith i gcóir na n-gárdaí: beirt bealbán ag rádh "bídh go mear" - bréag is eadh é sin: Ni feidir leis na rudaíbh sin a thuit amach48 Is as adhmadh atá mo mhuin déanta agus is maith an t-ucht atá orm. Is as leathar atá mo dhá thaobh cludúighthe. Tá poll im cheann agus mo srón déanta as (?) déantar úasáid asam in droch aimsir do ghnáth - builg(?)49 Cad é an rud é seo. Tá dhá láimh aige ach mar sin féin ní nigheann sé a aghaidh choidhche - aghaidh an choidhche - aghaidh an chluig 50 Do nigheas mó aghaidh in uisce ná dtánaig ón spéir choidhche mar fhearthainn agus nár ritheann riamh ach an oiread. Do thiormuigheas í i dtuáille na raibh fighte no sníomhtha choidhche connus a thárla sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)