Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 198
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)50) Do nigheas mo aghaidh ar dhrúcht na maidne agus do leigeas di i do thiormú le teas na gréíne51) An mo dealg in acra talman - aon agus an cuid eile.52) Cia an ciall go bhfuil panncóg cosamhail le Scáth Fearthainne? - Mar is annamh a chítear ceachtar aca tar éis an Choichthighis.53) Cad na thaobh go chífidh cailín amach tríd an bhfuinneóíg
- mar ní (cífeadh) fheicfeadh sé tríd an bhfalla.54) Cad é an deifireacht idir cnoc agus crompán - Is deacair an rud an cnoc do thriall suas agus is deacair an rud an crompán do chuir síós.55) Do chuaidheas amach tré béarna shleamhain. Do chonnaiceas fear ag teacht chugham. Bhí caipín cruaidhe agus srón iarainn air, agus geallaim duit go gcuirfeadh sé eagla ar na préacánaibh.
- Fear agus guna 'na láímh aige56) D'feáchas isteach tríd an bhfuinneóíg. Do chonnaiceas bád agus é lán do dhaoine. Ní raibh fear no bean aouda ann.
- Bhíodar go léir pósta57) Cad é an rud é go bhfuil trí cosa fé agus hata iarainn air - pota58) Bhí dochtúir i mBlá Cliath. Bhí dearbhrathair (?) aige i mBéal Feiriste agus dócthúir do badh é sin leis. D'fhiafruigh duine do dhochtúir Béal Feirste "An bhfuil dearbhrathair agat i mBlá Cliath 'na dhochtúir." D'fhreagair fear Beál Feirste go fírinneach "Níl mhuise" (?). Connus a thárla sin?(leanann ar an chéad leathanach eile)