Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 296
- XML “Naomh Seanán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tuaisceart ) ar an abhainn gcéádna. Do chuir sé Mainistir ar bun ann.
Oilean na gCaorachAnnsan do thug sé turas do Inis Mór agus do chuir sé Mainistir ar bun ann chomh maith 'na dhiaidh sin do chuaidh sé go h-Oileán na gCaorach inaice le Sráid na Cathaireach. Tá fothaireacha óráideáin a thóg sé ann le feicsint fós.
Inis CathaighFé dheire san mbliadhain 540 do chuir sé fé in Inis Cathaigh. Do chuir sé mainistir ar bun ann agus ba é ceann riaghlachaibh na mainistreach sin nach bhféadfadh aon bhean bonn a choise a cur ar an oileán. Fuair sé bás san mbliadhain 544 agus cuireadh i dteampall na mainistireach é. Tógadh Carn-Chuimhne áluinn ós cionn a uaige chun a chuimhne do coimeád glas in aigeantaibh na ndaoine.Bhí oillphaist ar an oileán fadó agus tugadh Cathach uirthi. Do díbir Naomh Seanán amach as an oileán í. Níl franncach na luch ar an oileán ón lá sin go dtí an lá atá againn indiú. Baineann an t-oileán le paróiste Cill-Ruais. Is clúamhail an t-oileán é mar do chuir Naomh Seanán a lan teampall ar bun ann. Tá túr cruinn áluinn ann on t-sean aimsiear. Do chuir naoimh eile teampall ar bun ann leis.Do thogaidh Naomh Seanán an áit mar a phriomh áit coimhnighthe agus ar feadh morán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ita Ó Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Crodh Bhreacháin, Co. an Chláir